Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
An obair a bhí le déanamh aici nuair a bhí sí óg, an timireacht a bhíodh le déanamh aici. Eallach agus móin. | 00:01:41 | |
Obair feirme a rinne Sábha agus obair tí. Sábháil móna agus obair talaimh. Bhíodh sí ag buaileadh meascáin ime le loinne agus cuinneog. Dhéanadh sí sin uair sa tseachtain gach Luan. Dhíoladh sí im le fear ar an bhaile. Capán an t-ainm a bhí ar na spáda ime. | 00:02:46 | |
Níochán a dhéanamh san Earrach amuigh ag an t-sruthán. Pota uisce a bhruith agus chuirtí an t-éadach isteach sa tobán lena ní, spágáil thart ansin ins an tobán leis an t-éadach a ní. Bhí blaincéid le ní uair sa bhliain acu, bhí tine lasta amuigh acu agus an t-uisce a bhruith ar an tine. | 00:02:04 | |